Fiontar

Is í an fhiontraíocht, cibé cineál í, atá fíor-riachtanach chun an fás eacnamaíoch, an nuálaíocht, an fhostaíocht agus an cuimsiú sóisialta a chinntiú.

Is iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe a imríonn ról bunúsach i ngeilleagar na hEorpa. Ar an gcúis sin, tá béim leagtha ag an gCoiste ar a dtábhacht siúd i gcónaí, agus ar an gá atá lena bhforbairt a spreagadh. Le blianta beaga anuas, tá an Coiste ina phríomhghníomhaí ar leibhéal an Aontais i dtaca le cur chun cinn na fiontraíochta sóisialta agus an gheilleagair shóisialta. Tá na samhlacha nua eacnamaíocha seo go mór chun tosaigh ar chlár oibre an Choiste, agus tá roinnt áirithe tionscnamh lainseáilte sa réimse seo.